| Stair
Ainm stairiúil agus Leas ainmneacha.
Muileann gaoithe Onse – Lieve – Vrouw- Lombeek an t
– ainm a bhí ar an muileann ar feadh sé chéad
bhlian. I rith na haoise seo chaite bhí dha leas –
ainm air a chuir an t – ainm bunúsach i leath –
taoibh. Cuirfear ar ais an t – ainm stairiúil air leis
an athnuadhadh atá ar siúl faoi láthair.
An t – ainm stairiúil: Hertbommolen (Muileann Hertboom)
Tagairt atá ann d'achar mór talamh bán a bhí
i ngar don muilleann. Tá an tagairt is sine don mhuileann
le fáil sa Leabhar Tobhach agus Cáin 1391 –
“1 bunre lant op hertboem byden wintmolen” (Miosúr
talún amháin le hertboem ceangailte leis an muileann
gaoithe). Taispeánann sé an suiomh iargúlta
an mhuillinn, suiomh oscailteach ag crosbhóthar: Molenkauter
faoi láthair (Hertboem roimhe sin), Windmolenstraat, Vossenbunderstraat
agus anois Hertboomstraat.
Tá an muileann, an teach muileann gaoithe agus na stáblaí
comharthaithe go beacht mar seo “Le Moulin Herdt Boom”
ar an léarscáil cáiliúil De Ferrais
den Ísiltír Ostarach.
Na Leasainmneacha: An Muileann Taismeach.
Tugtar leasainm tuathalach ar an muileann gaoithe toisc sraith
teaghmais taismeacha ag tús an fichiú aois. Lá
Coille 1745, le linn Cogadh Chomharbachta Ostarach, ionsaíonn
drong Jan De Lichte teach an mhuillinn gaoithe. Dúnmharaíodh
an muilleoir Peeter van Lierde. Maireann cuimhneamh an dúnmharú
agus an shlaid sin fós i gcuimhne na ndaoine, carachtar finscéalach
ba ea Jan de Lichte. Sa bhliain 1917 le linn Cogadh Domhanda a hAon
tarlaíonn dúnmharú eile agus slad eile –
dúnmharaíodh bean an mhuilleora agus seirbhíseach.
Ó shin i leith tugtar an “Muileann Taismeach”
sa teanga coitianta ar an muileann gaoithe. Úsáidtear
an t – ainm “Muileann Taismeach” go minic i litríocht
agus fardail an mhuillinn. Dathaíodh dubh clárach
stoirme seolta an mhuilinn mar chomartha bhróin.
agus Muileann Chaptaen Zeppo
Ta cuimhneacha níos taitneamhaí ag baint leis an
leasainm “Muileann Chaptaen Zeppo”. Sna seascadaí
rinneadh an sraith scannán claisiceach don aos óg
Captain Zeppo timpeall an mhuilinn.Ghlac an réaltóg
scannán Senne Rouffaer páirt Captaen Zeppo, áitritheoir
beartach feirm an mhuilinn gaoith. Nach iontach gur chuir an sraith
teilifíse le cáil an mhuilinn. Is beag suime atá
ag an aos óg sa teideal Muileann Captaen Zeppo.
An Réigiún
Pajottenland
Tír le feirmeacha cearnacha agus muillte. Tá muillte
uisce flúirseach i Pajottenland, ní mar sin do muillte
gaoithe adhmaid. Ó na Meánaoiseanna go dtí
an fichiú aosi sheas na muillte ar an tírdhreach mar
rabhcháin geala.
Stair Talúntais Pajottenland
Sé Pajottenland an t – ainm atá ar chuid de
Vlaams–Brabant, réigiún chré saibhir,
aniar aneas ón mBrusséil, idir abhann Zenne agus Dender.
Tá stair láidir talúntais ag ceantar álainn
claon Pajottenland. Go luath sna Meanaoiseanna thosaigh an cine
daonna ag baint crann chun an talamh torthúil a shaothrú.
Is ceantar talamhaíochta traidisiúnta an réigiún
seo fós sa fichiú aois.
Feirmeoireacht agus barraí arbhair go háirithe na
fachtoirí is mó. Idir an dara agus an tríú
aois déag feictear tionscnamh na muillte arbhair. Tá
dlúthcheangail idir an tionscail talúntais agus na
muillte. Tar éis tréimhse dealbh an chogaidh sa séú
agus seachtú aois déag tagann talamhaiocht chun cinn
aris faoi riail Máire-Treasa. Tógadh formhór
na muillte cuaille adhmaid le cos oscailte cosúil le muileann
Lombeek. Siad feirmeacha cearnach Brabant agus na muillte tréithe
speisialta an tírdhreach seo.
An Meath Dosheachanta
Ag deireadh an Naoiú Aois deag bhí talamhaíocht
na hEorpa i géarcheim. Titeann praghasann toisc allmhairí
oll – mhóra arbhair ó Mheiriceá agus
an Rúis. Glacann muintir Pajottenland le folaíocht
eallach in ionad barraí arbhair. Cuireann an t – athrú
seo go mór le meath na muillte a thosaigh leis an Reabhlóid
Tionsclaíoch. Níl fiu is muileann amháin ag
obair i lár an fichiú aois.
Sa bhliain 1900, luann údair áirithe go bhfuil deich
muileann is trí scór i Pajottenland, ach deireann
údair eile nach bhfuil ann ach dachad. Ach tá siad
go léir imithe. I sráidbhaile Pamel sa chomharsanacht
titeann muileann tréigthe Keirekens as a chéile sa
bhliain 1970 aus leagtar Papal Zouave sa bhliain 1971.
Tá muileann Hertboom an – chosúil leis na muillte
eile i Pajottenland o thaobh bunús, stair agus stil. Ach
tá críoch difriúil i ndán dó:
leanfaidh muileann Hertboom le caoi mhaith oibre air.
An Stair
Seacht gcéad bliain staire i mblaosc cnó
Tugann an Leabhar Tobhach agus Cáin Pamel 1391 an fianaise
scríofa is aosta go raibh muileann gaoithe suite arláthair
an mhuilinn ata ann inniu. Ach is cosúil go raibh muileann
ann roimh an ceithre aois déag. Athnuadhadh no athbunaíodh
an muileann gaoithe seo ceithre uair ar a laghad Toisc ganntanas
cartlann ta go leor eolais in easnamh faoi forbairt laithreáin
an mhuilinn go dtí 1655 agus ina dhiaidh sin freisin.
Muileann forógra le Uaisle Lombeek agus Uaisle Gaasbeek:
1300-1655
De reir cosúileachta idir 1300-1345 thóg an tiarna
talún Diederik van Walcourt an chéad muileann gaoithe.
Suíomh iontach i lar na bPáirc ba ea é, an
cnoc le cumas gaoithe. Sa bhlian 1381 glacann Uaisle Gaasbeek seilbh
ar mhoin Lombeek agus an muileann gaoithe.
Is dócha go raibh reacht ag an muileann mar muileann forógra
é: bhí ar géillsineacha na dTiarnaí
a gcuid cruithneachta a mheiltle le díolaíocht, ag
an muileann foróga, nó cuirfí píonós
orthu. Bíonn an muileann ar léas ag an muilleoir ón
Tiarna Talún. Pribhleid feodach ba ea maoin muilte –
ni raibh cead ag einne ach Tiarnaí seilbh a bheith ar muilte.
Onze-Lieve-Vrouw-Lombeek, ionad tabhachtach oilithreachta sna meánaoiseanna
a raibh trimhse saibhir ann. Bhí ceithre mhuileann sa sráidbhaile
beag ceann acu muileann cunhachta capaill chun an gnó mór
muilleoireachta a shásamh.
Tréimhse ghéarchéime 1655-1723
Tar éis treimhse meath agus neamhghníomhachta, bheartaigh
Alexander de Renesse, an t – úinéir deireanach
de chlann Gaasbeek, muileann gaoithe nua a thógáil
sa bhlian 1655. Bhí air, áfach, an muileann nua a
dhíol an bhlian céanna don Ridire Le Febre, Tiarna
Tiercelet chun billí móra a athar fhiáin a
íoc.
Tá a fhios againn freisin gur bheartaigh an t-úineir
nua muileann eile a thógáil dha bhlian níos
déanaí ach níl a fhios againn cén fáth.
Ar scriosadh an muileann idir an dá linn?
Sa bhlian 1689 ceannaíonn Jan Dors, an cúisitheoir
poiblí an muileann agus a mhaoin, tareis do uaisle ón
mBruiseil a bheith ina sheilbh. Ní raibh an t – ádh
ag Jan Dors leis an muileann. Sa bhlian 1690 chuir saighdiúirí
le Louis XIV an muileann agus an fheirm trí thine.
Scriostar muillte, feirmeacha agus tithe sa cheantar toisc nár
íocadh an Cain Chogaidh. Cuireann muintir Dors an milleán
ar an riarachán áitiúil agus tar éis
blianta sa plé le cúrsaí dlí faigheann
siad cúiteamh sa bhlian 1721.
Faoin am seo tréigtear láthair an mhuillinn. Ceannaíonn
an t – uasal Egidus De Mesmaeker ón mBruiséal
carn spallaí aosta sa bhlian 1716 de reir mar atá
sé scríofa go liteartha san Acht Ceannach. Tógfar
muileann nua .
Téann an muileann nua siar go 1723/1727 (ní le
1760 é?)
Is deaciar a rá go beacht cén bhlian – b’fhéidir
sa bhlian 1723 agus cinnte sa bhlian 1727 bhí muileann nua
ar an láthair seo. Ta inscríbhinn “P.V.L 1727”
ar maide droma dearg a léiríonn go raibh Peeter Van
Lierde ina mhuilleoir an bhlian 1732.
Glactar leis anois gurb e muileann Onze-Lieve-Vrouw-Lombeek an
muileann a thógadh idir 1723/1727. Ar feadh i bhfad agus
i leabhair éagsúla luadh an bhlian 1760 mar bhlian
a bhreithe toisc an t-inscríbhinn “M.d.M. 1760”
a bheith ar an maide cloiche. Seard ata in M.d.M ná tagairt
do Muileann Mháistir de Man. Ridire oirire Lennick a choimisiúnaigh
go leor muileann. Ach mar a léiríonn an t-údar
Van Herreweghen, agus níos déanaí Struyf, go
bhfuil se roimh am a rá toisc inscríbhinn amhain,
agus damáiste beagtine agus gan a thuile doiciméadú
go raibh an muileann scriosta agus aththóghta sa bhlian 1760.
Dáiríre glacann Carolus de Man seilbh ar an muileann
gaoithe dha bhlian déag níos déanaí
sa bhlian 1772. B’fhéidir go nochtfaidh a tuilleadh
taighde eolas breise. Cinnte, go bhfuil an muileann gaoithe seo
ann ón t-ochtú aois déag, cosuil leis na muillte
cuaille eile atá fágtha sa réigiún;
ré órga do muillte tar éis blianta Cogaidh,
bhí an eacnamaíocht agus an talamhaiocht bríomhar
faoi sheach.
Thug an t-athbhunu iomlan a rinneadh ar theach an mhuilleora sa
bhlian 1784 ar cruth atá ar an bhfoirgneamh inniu. Nílimid
cinnte gur rinneadh athruithe ar an muileann fein – ní
chruthaíonn inscríbhinn 1785 sa chúinne thuaidh
aon rud.
Ó 1800 go 2000 Maireann an Muileann!
Is beag fíric faoin muileann gaoithe ata ann don naoiú
aois déag. Sa bhlian 1835 tá Jan-Baptist Van De Velde
ina úinéir don chéad uair ar an muileann. Ó
bhlian 1859 beidh an muileann i seilbh Muintir Walraevens ar feadh
céad blian. Fanann an muileann ag obair go dtí bhlian
1940, ach cuirtear as ghnó é toisc tionsclaíocht,
fuinneamh nua agus athruithe talamhaíochta.
Sa bhlian 1944 faigheann an muileann caomhnú mar séadcomhartha
ón Koninklijke Commisie voor Monumenten en Landschappen,
an Coimisiún Ríoga do Seadcomharthaí agus tírdhreacha.
Ón bhlian 1954 ar aghaidh choimeád go leor óglaigh
faoi treoir an mhuilleora Henri Van Nuffel an muileann ag casadh
i rith an earraigh agus i rith an tsamhraidh. Níor focal
scoir, leag muintir Nuffel a muileann féin, an Papal Zouave
de Pamel, sa bhlian 1971, toisc estát réadach –
séadcomhartha stairiúil eile caillte! Go tráthuil
lean muintir Rooselaers agus Heremans, úinéirí
an mhuillinn gaoithe, leis an athchóiriú sna bliants
1954, 1970 agus 1074.
Críoch: Tá Hertboommolen ann fós.
Cheannaigh Josef Van Waeyenberge an muileann gaoithe agus an teach
feirme ag ceant poiblí sa bhlian 1999. Cuirtear athchóiriú
riachtanach, iomlán ar bun chun an muileann gaoithe oidhreacht
luachmahr an cheardaíocht a chaomhnú do na glúin
atá romhainn.
An Sráidbhaile
Onze-Lieve-Vrouw-Lombeek
Ní hé an muileann gaoithe an t-aon foirgneamh sonraíoch
atá i Onze-Lieve-Vrouw-Lombeek. Tá stair saibhir ag
an sráidbhaile tuathúil mar ionad oilreachta go fathchiallach
agus go liteartha. Tá baint ag Lombeek freisin leis an ainm
Frans van Cauwelaert. Agus ná déan dearmad: na tírdhreacha
áille timpeall an tSráidbhaile bhig.
Stair
Is beag eolais atá ann faoi bunús nó luath-stair
an tsráidbhaile cé gur aimsíodh iarsmaí
ón Ré Rómhach sa naoiú aois déag.
Tá Onze-Lieve-Vrouw-Lombeek suite dhá chilimeadar
ó bhóthar Asse-Bagacum – bóthar tábhachtach
ceangail – teach den Bheilg Rómhach sa luath impireacht.Bhí
an lonnú seo ann go cinnte roimh 1112 mar i rith na bliana
sin tugadh seirbhís an eaglais don mhainistir ag Nijvel (Nivelles).
Tá an lonnú seo suite ag góilín Lombeek-
tagairt do Lombardaigh Impireacht Rómhach atá san
ainm.
I lár an tríú aois déag thug Easpag
van Kamerijk (Cambrai) ardú céime don teampall go
stádas paróiste neamhspleach, saor ón príomh
paróiste Onze-Lieve-Vrouw-Lennik inniu. Bronnadh an neamhsleáhas
seo ar an teampall toisc gur ionad oilreachta a raibh clú
agus cáil air. Tá úsáid Pléimeanais
le fáil i doiciméadú ón 1322.
Timpeall na bliana 1300 tá an sráidbhaile i seilbh
mhuintir Walcourts, Uaisle Aa agus Lombeek, ach sa bhlian 1381 tá
sé i seilbh Uaisle Gaasbeek. Sa bhlian 1768 fuair an sráidbhaile
ardú céime. Go dtí an bhlian 1808, bhí
Hieronimus Benedictus Vonck ina shagart paróiste (Athair
Oirimh), deartháir leis an Vonck cáiliúil a
ghlac páirt sa Réabhlóid Brabant i gcoinne
rial Ostarach. Sa bhlian 1964 tharla cumasc idir Onze-Lieve-Vrouw-Lombeek
le Strijtem agus Pamel chun cathair Roosdal a dhéanamh. Sa
bhlian 1977 cuireadh Borchtlombeek le Roosdal.
An Teampall (An Séipéal) Onze-Lieve-Vrouw-Kerk
Thosaigh tógáil an teampaill Gotach Onze-Lieve-Vrouw-Kerk
timpeall na bliana 1265. Tá an córlann ann ón
tríú aois déag. Chríochnaíodh
an teampall sa bhlian 1315 nuair a cuireadh an túr air. Choisreachaigh
an tEaspag Guy an teampall le cuidiú Sir John de Lombeke,
an fear a bhunaigh caisleán Rokkenborch.
Cé gur sráidbhaile beag é, tá an teampall
an-mhór maisithe le rudaí áille ealaíona
– a bhuíochas sin do na hoilithreacha go Lombeek. Píosa
taibhseach is ea an píosa maisiúil de Mhuire ar an
altóir, píosa ón gcúigiú aois
déag. Tá píosa dealbhóireachta adhmaid
dechuid ceardaíocht Bhruiséil ón séú
aois déag anseo – níl a shárú
le fáil. Tá cóip de i bplástar le fáil
san Ionad Oidhreachta Ealaíona Náisiúnta áit
a bhfuil go leor cartlanna Eaglaise ina luí gan staidéar
déanta orthu agus iad beagnach dearmadaithe. Taispeántar
beatha Mhuire le naoi bpictiúr sa phíosa órnáideach
ar an altóir. Ní féidir cuairt a thabhairt
ar an teampall gan ceapachán mar ghoideadh a lán píosaí
luachmhara go minic as.
Píosaí ealaíona eile; na grisailles painéil,
boscaí faoistine, íomhánna an Pháis
agus an Críost tromchiallach ar an gCloch Fuar. Ar chúl
tá adhmadóireacht rococo agus orgán baroque.
Faoin puilpid álainn taispeáineann sraith dealbhóireachta
iompú Hubertus. Taobh amuigh tá ballaí an teampaill
maisithe le deilbhíní ainspianta i stíl neamh-ghnáthach.
Foirgnimh Eile
Suite i lár an tsráidbhaile tá caisleán
Rokkenborch le doinsiún; tá tír títhíochta
tógtha sna Meánaoiseanna mar ceangailt sa chóras
chosanta. Luatar an t-ainm Rokkenborch i cáipéisé
aistriú gníomhas teidil sa bhlian 1412.
¤sáidaíodh an foirgneamh, teach cónaithe
Uaisle Lombeek ar dtús, mar cúirt, scoil teach cónaithe,
teach feirme, túr títhíochta agus go leor fáthanna
eile. Thosaigh obair ar an fhairsingiú an fhoirgnimh timpeall
1700 agus de thoradh sin bhí forgneamh álainn ann
de athbheochan Pléimeanach.
Tar éis tréimhse nuair a bhí an foirgnemah
folamh i rith an naoiú aois déag, chuireadh obair
chaomhnú eile ar bun go mór mhór le fuinneoga
an tríú aois déag a soláthairaíodh
ón gcaisleán ag Thy le Chteaux. Cuireadh na crainn
feá ar an ascail timpeall 1870. Tá Rokkenborch insroichte
ag an bpobal anois, níl cead cuairte air le fáil.
Os comhair an teampaill tá bialann De Kroon. Tá an
foirgneamh seo ann ón bhlian 1760. Tá go leor foirgneamh
eile scaipithe ar fud an tsráidbhaile atá ann leis
na céadta.
The figure Frans van Cauwelaert
Sé Onze-Lieve-Vrouw-Lombeek sráidbhaile dúchasach
Franz agus August van Cauwelaert, fir a raibh clú agus cáil
orthu sa Gluaiseacht Pléimeanach. Feirmeoirí saibhre
ba ea a dtuismitheoirí, bhí an fheirm ar bhruach an
Lombeek gar do chearnóg an tsráidbhaile.
Breitheamh, scríbhneoir agus file ba ea August van Cauwelaert,
(1885 – 1945). Frans van Cauwelaert (1880-1961), bhí
sé ina bhall parlaiminte ó bhlian 1910, méara
Antwerp ba ea é, bhí sé ina aire go minic agus
ba é an polaiteoir ba thábhachtaí de dhream
Pleimeanach sa stair réamh-Chogaidh.
Dáil Náisiúnta León Degrelle
Tharla dáil Phairte Náisiúnta Rex ar an deichiú
lá Lúil 1938 i Onze-Lieve-Vrouw-Lombeek. De réie
na h-eagraí ghlac 60,000 páirt ann. Bhí Léon
Degrelle in a cheannaire air agus thug sé an óráid
freisin. Thóg Léon na mílte daoine fiúntache
agus a chairde ón eilte dheis isteach leis ó Wallonia
go Flanders. Is cúis náire d’áitritheoirí
Lombeek an eachtra seo.
Clár Ama
1300-1350
De réir Diedeik van Walcourt tógann Uasal Aa an chéad
muileann gaoithe ar an gcnoc i bpáirc Hertboom.
1380
Glacann Uaisle Gaasbeek seilbh ar Lombeek agus an muileann gaoithe.
1655
Dhíol Alexander De Renesse an t-úinéir deireannach
de Gaasbeek an muileann nua chun billí móra a athar
fhiáin a íoc. Tógann an t-úinéir,
an Ridire Gabriel Le Febvre, muileann gaoithe nua sa bhlian 1657,
ach níl sé soiléir cén fáth.
1689
Ceannaíonn Jan Dors, cúisitheoir Bhruiséil
an muileann. Ina dhiaidh sin ghlac fir uaisle agus daoine saibhre.
Bhruiséil seilbh ar an muileann.
1690
Chuir saighdiúirí Louis XIV an fheirm agus an muileann
trí thine. Scriosadh muillte, feirmeacha agus tithe sa cheanntar
freisin toisc nár íocadh an Cáin Chogaidh.
1723-1732
Bunús agus stair an mhuilinn agus an teach feirme atá
ann anois. Tógann an t-úinéir Egidius De Mesmaeker,
Uasal Bhruiséil, muileann nua agus teach nua, tar éis
tríocha blian ina smionagar. Críochnaíodh an
muileann sa bhlian 1723 b’fhéidir, ach go cinnte sa
bhlian 1727.
1745
Slad agus dúnmharú ag drong – Jan De Lichte
– fear mícháiliúil.
Dúnmharaíodh an muilleoir Peeter Van Lierde. Maireann
gníomhartha uafásacha Jan De Lichte ó ghlúin
go glúin i gcuimhne na ndaoine.
1760
Ar scriosadh an muileann? Ar ath – thógadh é
ón smionagar? Ní thugann an t-inscríbhinn “M.d.M.
1760” ar an maide droma fianaise beacht. Tá níos
mó fianaise ann gurbh é 1727 bliain a bhreithe.
1775
Tá an muileann, teach an mhuilleora agus na stáblaí
comharaithe go beacht ar an léarscáil cáiliúil
De Derrarais den Ísiltír Ostarach – cosúil
leis na sean- chaipéisí eile “le moulin Herdt
Boom”.
1784
Trí athbhunú iomláin theach an mhuilleora
1723- 1732 cuirtear an cruth láithreach ar an bhfoirgneamh.
1835
Ba é Jan- Baptist an chéad úinéir a
bhí ag an muileann; deireadh leis an léas! Ba le muintir
Walraevens amuileann ar feadh chéad, ag tosú sa bhlian
1859.
1917
An Chéad Cogadh Domhanda agus arís robáil
(slad) agus dúnmharú i dteach an mhuilleora, beirt
sáite, scornaigh gearrtha. Tugtar an leaainm “An Muileann
Taismeach” ar an muileann.
1850-1930
Le teacht an Réabhlóid Tionsclaíoch, na meaisin
nua agus foinsí nua fuinnimh cuirtear deireadh le ré
na muillte. Stadann an muilleoireacht, tagann meath ar na muillte
agus ansin a gceileabhradh.
1944
Bronnadh stádas séadchomhartha náisiúnta
ar an muileann. Leis an gcaomhnú seo agus na hoibrí
athnuadaidh sábháltar an “fathach gaoithe”
ón scrios.
1964-1965
Rinneadh an sraith scannán claisiceach teilifíse
ar láthair an mhuillinn – glaotar “Muileann Zeppo”
air ansin.
1999-2002
Déantar taighde estáit, leabhareolaíochta
agus cartlainne ar an muileann gaoithe agus a láthair. Déantar
réamhstaidéar dian agus pleananna sonracha le h-ailtirí
agus innealtóirí. Iniúchadh agus fardal le
Momumenten – wacht (Monument Watch) – Lucht Faire Séadchomhartha.
Próiseas comhairleach le Riarachán Seanchomharthaí
agus Tírdhreachaí. Próiseas riaracháin
an chomhaid athbhunú.
2001
Díchóimeáiliú, stocáireamh,
comharthaí sóirt, grianghrafadóireacht agus
fís – scannáin.
2001-2002
Deireadh le comhad an athbhunú, iompar píosaí
an mhuillinn go saotharlann Roland Wieme. Deisiú na bpíosaí
oiriúnach sa saotharlann, atáirgeadh píosaí
eile, atógáil an bhoinn.
Láithreán gréasáin curtha suas www.windmolen.behttp://www.windmolen.be
agus suiteáil na gceamaraí gréasáin
le rochtain díreach don obair athbhunú ar an láthair
via an tIdirlíne. Fardal de na pictiúir scannáin
den atógáil.
Athbhunú na díslí, iompar comhpháirtí
an mhuilinn don láithreán agus atógadh an mhuilinn
gaoithe. Críoch an bealach isteach agus taobh amuigh.
An chéad la Nollag 2002
Seoladh scléipeach den muileann athbhunaithe gaoithe –
WINDMOLEN “HERTBOOM” de ONZE-LIEVE-VROUW-LOMBEEK.
Ábhar Scríofa agus Tagairtí
Taighde estáit, leabhareolaíochta agus cartlainne
den Muileann Gaoithe agus agus an Coimpléasc ag Onze-Lieve-Vrouw-Lombeek:
- Verkenningen, Heverlee, 1999 ag Jan Struyf. Is obair neamh-fhoilsithe
é, ach in ainneoin sin is miontuairisc iomlan ar thógáil
an mhuillinn, le go leor tagairtí leabhareolaíochta
liostaithe ann.
- Gerard Vasn Herreweghen, De tragische molen van Lombeek. (Muileann
Taismeach Lombeek) Davidsfonds Roosdaal; cóip speisialta
DF-Klokje, 1982. Léiríonn an t-údar suíomh
stairiúil an robáil agus an dúnmharú
a rinne drong Jan deLichte. Tá gearrchuntas beacht de stair
an mhuillinn mar réamhrá.
- J.F. Vincx, De molens van ‘t Payottenland, (Muillte Payottenland),
Merchtem 1932. Obair níos sine atá ann ach tá
sé suimiúil toisc eolas ar muillte Patojettenland
nach bhfuil ann anois. Foilsíodh na h-airteagail bunchóipe
Eigen Schoon & De Brabander imleabhar 13 agus 14.
- - Foilsíodh go leor airteagal i Levende Molens en Molencho’s,
irisleabhar Pléimeancah de comhaltais na Muillte.
Eolas breise ginearálta faoi uisce agus muillte gaoithe:
- Paul Bauters, Van zadelsteen tot windkruier. 2000 bliain de Muillte
i Flandern, Gent 1998- 2000 2 Imleabhar. Saothar caighdeánach
faoi stair agus teicneolaíocht na muillte in ár gceantair.
Tá go leor comhaltas Muillte i bhFlanders:
- Centrum voor Molinologie en het Molenmuseum
Kerkstraat 3
B-2890 Sint-Amands
België
- Molenzorg vzw
Bruggestraat 74
B-8830 Hooglede
België
Tel.: 051/20.37.78
Brúigh anseo chun breis eolais a fháil (www.molenechos.org)
- Levende Molens vzw
Grootveldstraat 12
B-1652 Alsemberg
België
Tel.: 02/380.24.09
Brúigh anseo chun breis eolais a fháil (http://users.tijd.com/~tdn22793)
- Na hAiltirí agus na hInnealtóirí:
Ro Berteloot, architect-moulinoloog
Architectenburo Ro Berteloot B.V.B.A
Kasteellaan 89
B-9000 GENT
België
Tel 09.233.16.81
E-mail: arch.berteloot@tijd.com
Sabine Okkerse, Ir.-architect-moulinoloog
Architectenburo Ro Berteloot B.V.B.A
Kasteellaan 89
B-9000 GENT
België
Tel 09.233.16.81
E-mail: arch.berteloot@tijd.com
Mr. Dirk Goossenaerts
Algemeen Directeur
Styfhals Ingenieursbureau
Hansenslaan 7
B-1800 Vilvoorde
België
Tel +3222559900
Fax +3222559955
E-mail: styfhals@pophost.eunet.be
Mr. Paul Styfhals
Styfhals & Partners
Hansenslaan 7
B-1800 Vilvoorde
België
Tel +3222559900
Fax +3222559955
E-mail: styfhals@pophost.eunet.be
Athbhunú - Saineolaithe:
Roland Wieme PVBA
Leihoekstraat 71 B
B-9870 Machelen-Zulte
België
Tel + 32 9 380 84 60
Fax + 32 9 380 44 14
Molenbouw de Jongh
De Witstraat 19
NL 5503 Veldhoven
Tel +31 40 253 27 68
Udaráis:
Monumenten en Landschappen
Ministerie van de Vlaamse Gemeenschap
Koning Albert II-laan 20 bus 7
B - 1000 Brussel
België
Tel +32 2 553 82 11
Fax +32 2 553 82 05
E-mail: nowa.vlaanderen@skynet.be
Website: www.monument.vlaanderen.be
Monumentenwacht Vlaams-Brabant
Mechelsevest 108
B - 3000 Leuven
België
Tel +32 16 22 02 01
Fax +32 16 22 68 78
E-mail: aml@lin.vlaanderen.be
Website: www.monument.vlaanderen.be
Provincie Vlaams-Brabant
Diestsesteenweg 47
B - 3010 Leuven
België
Tel +32 16 26 70 70
Fax +32 16 26 70 71
Gemeentebestuur van Roosdaal
Brusselstrat 15
B - 1760 Roosdaal - België
Tel +32 54 32 61 61
Fax +32 54 32 90 20
E-mail: info@roosdaal.vera.be
Lucht Árachais:
KBC Verzekeringen
Van Cauteren NV
Ninoofsesteenweg 121
B - 1700 Dilbeek
België
Tel +32 2 569 63 74
Fax +32 2 569 73 12
E-mail: Eric.Van.Cauteren@abb.be
Príomh:
Cofic N.V.
Molenkauter 9
B - 1760 Roosdaal
België
Tel +32 54 51 87 07
Fax +32 54 51 87 17
E-mail: cofic.nv@telenet.be
Website: www.windmolen.be
Molens Willy Vandenschrieck
Barakkenberg 14
1540 Herfelingen
TEL 02 396 10 53
FAX 02 396 03 37
|